School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Micheál Mac Aodhgáin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 167
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fadó is bhí aon mhac amháin aici d'arbh ainm Boiligidín. Bhíodh Boiligidín ag troid lé na cailleacha móra chuile uair is bhí síad go mór inaghaidh mar geall ar sin.
Lá amháin tháinic na cailleacha móra go teac Bhoiligidín is gabhad ar Boiligidín is chuireadar síos i mála é is d'iomcuir siad ar a ndruim é. Bhíodar ag dul tar choill annsin is dubhairt Boiligidín. "Ní dheaca m'athair na mó mháthair thar an gcoill seo aríam nach mbainfeadh síad ubhla, is áirne, maide beag, is sgeafóigín, dhomh arsa Boiligidín.
Ní bheidh sé sin lé rádh agat linne arsa na cailleacha. Leag an chailleach an mála de is chuaidh sí ina coille is bain sí an rud adubhairt(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Bhríain
- Gender
- Female
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Informant
- Séoirse Ó Docharthaigh
- Gender
- Male